Séasúr na Muiríní

Tá séasúr na muiríní faoi lánseol. Díreach an tseachtain seo, osclaíodh an cuan don chéad uair le hos cionn bliain go leith, rud a chiallaíonn gur féidir muiríní a dhíol sa sliogán.

Anuas ar sin, tá ceadúnas faighte théis trí bliana pleanáil ón SFPA díol díreach leis an margadh.

Coinnigh súil amach ar an nuacht áitiúil le haghaidh scéala maidir le hionaid díolacháin áitiúla.

Do na baill, beidhfear ag cur róta le chéile agus déan cinnte mura miste libh go bhfuil bhur mballraíocht le haghaidh 2021 íoctha suas chun dáta le bheith cinnte go bhfaighfidh tú d’áit air. Beidh súil le róta seasmhach as seo go roinnt mhaith míosa.

Marcus Ó Conaire, 16 Nollaig 2022

Marcus Ó Conaire