Togra píolótach

Ghnóthaigh Comharchumann Sliogéisc Chonamara Teoranta comórtas togra píolótach Access2Sea, https://www.access2sea.eu i 2021 le haghaidh ionad nuálaíoch seachadta bia mara a chur in oiriúint.

Tá an próiséas seo faoi lánseol anois ag am a scríofa, Bealtaine 2022 agus an trealamh á cheannach.

Tá an t-ádh orainn go bhfuil páirtnéirí togra Breizon Teoranta i Ros a’ Mhíl ag cabhrú leis an togra a chur ar a chosa. Beidh Breizon ag cur a mhonarchan ar fáil don obair—fuarstóras agus seachadadh sliogéisc mar chéad chéim. Amach anseo, ba mhaith linn an líon táirgí—sliogéisc agus feamainn ina measc—a leathadh amach.

Coinnigh súil amach ar https://biamara.ie áit a mbeidh muid ag tabhairt camchuairt físeáin ar an ionad seachadta úr go luath!

Marcus Ó Conaire